PREASRÁITIS
Má tá tú i mbun gnó agus gur mhaith leat nasc a dhéanamh le custaiméirí nua ionchasacha, ba cheart duit cinneadh a dhéanamh ar ardán preasráitisí. Mar chuid de straitéis caidrimh poiblí, tá sé riachtanach do do chuid gnó cumarsáid a dhéanamh le cliaint. Má tá táirge nó imeacht le díol, ansin is é an bealach traidisiúnta é teachtaireacht scríofa a úsáid.
Ní thacar le preasráiteas a eisiúint go mbeidh sé rathúil láithreach, ach nuair a fhoilseoidh tú do phreaseisiúint ar líne, tá sé ann go deo, agus is féidir le custaiméirí ionchasacha é a aimsiú. Tá sé tábhachtach do preasráitisí a fhoilsiú le hardán a thuigeann SEO, ionas gur féidir tú féin agus do chomhlacht a aimsiú i gcónaí .
Is rud beo í do preasráiteas ar líne agus sin an fáth go bhfuil sí luachmhar. Tá éilimh na n-inneall cuardach gréasáin ag síorathrú, agus tá sé criticiúil go bhfuil do chomhlacht ag obair le foilsitheoirí meán atá ag coinneáil suas go dáta leis na hathruithe leanúnacha.

Tá sé tábhachtach freisin sa lá atá inniu ann go bhfuil an té atá ag foilsiú do preasráitis i saol na meán sóisialta cliste. Níl ciall ar bith le preaseisiúint a eisiúint tríd sheoltóir nach bhfuil ag úsáid gach ceann de na canálacha meáin shóisialta a d’fhéadfadh custaiméirí a fháil duit.
Tá an t-am tábhachtach
Má tá rud ar bith ag tarlú “anois”, is féidir preasráiteas ar an phointe a úsáid ach má tá táirge/imeacht/fógra poist ag teacht chun cinn sa todhchaí, is fearr é a phleanáil go luath.
An rud iontach faoi do phreasráiteas a fhoilsiú ar líne ná nach bhfuil teorainneacha ama ná spriocdhátaí ort. Is féidir é a dhéanamh am ar bith den lá, lá ar bith den tseachtain, seachtain ar bith den bhliain, ach tá an t-am tábhachtach.
Má tá imeacht agat i mí Mheithimh, cén t-am a ba chóir duit daoine a chur ar an eolas?
An bhfuil go leor ama in sé mhí do daoine le pleanáil a dhéanamh, lóiste a chur in áirithe don imeacht más gá dóibh taisteal chuig an imeacht?
Má tá díolachán ar siúl agat i mí Dheireadh Fómhair? Má tá tú ró luath d’fhéadfadh do chustaiméirí fanacht go dtí an díolachán, agus tá tú fágtha le mí nó dhó de thionchair lag. An bhfuil sé sin oiriúnach duit?
Mar sin, tá an t-am tábhachtach agus tá sé difriúil do gach gnó.
Cén fáth a bhfuil Preasráitis Tábhachtach do do ghnó?
Ag cur do theachtaireacht trasna
Is bealach foirmiúil é preasráiteas chun scéala tábhachtach nó eolas a chur ar fáil do na meáin agus don phobal. Is féidir le preasráiteas atá curtha le chéile go maith an teachtaireacht a chur i láthair go soiléir agus go héifeachtach.
Iontaoibh a chothú
Is féidir le preasráiteas atá scríofa go cruinn cabhrú le hiontaoibh d’eagraíocht a chothú agus é a chur ar siúl mar fhoinse eolais iontaofa. Nuair a fheiceann iriseoirí agus an pobal go ndtógann d’eagraíocht an t-am le preasráiteas gairmiúil, is comhartha é seo go bhfuil tú dáiríre agus gur féidir brath ort.
Clúdach na meán a tharraingt ort
Go minic is é an preasráiteas an chéad chéim le haird a tharraingt ar d’ócáid nó do sceal. Tarraingníonn preasráiteas atá scríofa go maith agus a bhfuil scéal maith leis aird na n-iriseoirí agus spreagann sé iad le scéal a scríobh faoi do ghnó.
Do ghnó a dhéanamh níos feicealaí
Is féidir do ghnó agus do scéal a dhéanamh níos feicealaí trí do phreasráiteas a scaipeadh tríd na meáin agus ar do láithreán gréasáin agus ar na meáin shóisialta.
Ag Tiomáint trádála agus tráchta
Is féidir le preasráiteas a mhíníonn táirge nó seirbhís nua cabhrú le trácht a thiomaint chuid do láithreán gréasáin nó d’ionad fisiciúil agus díolachán a mhéadú.
Aidhm le Preasráiteas
Is í aidhm an phreasráitis ná teachtaireacht suntasach agus sonrach a chur chun cinn, agus é sin a dhéanamh go soiléir. Ina theannta sin, is doiciméad í an preasráiteas a leanann struchtúr beacht agus a bhfuil trí fheidhm margaíochta agus leasaithe léi:
- Na meáin a chur ar an eolas go mbeidh imeacht ar súil ionas go scaipfidh siad an scéal.
- Eolas a roinnt faoi do ghnó, agus aird a tharraingt oraibh.
- Chun do ghnó a chur chun cinn ar an idirlíon trí bhlaganna, láithreáin gréasáin, agus líonraí shóisialta.
CEISTEANNA COITIANTA
Cén aidhm atá le preasráiteas?
Is í an aidhm atá le preasráitas ná na meáin ar chur ar eolas faoi do nuacht sa tsúil go ndéanfaidh siad scéal nuachta de agus go scaoilfidh siad an scéal lena léitheoirí: an pobal. Is uirlis margaíochta éifeachtach é an preasráitas mar go dtugann sé smacht don chliant ar an teachtaireacht atá á scaipeadh chuig na meáin, agus dá réir, an pobal mórthimpeall.
Cén t-am/ lá is fearr chun preasráiteas a eisiúint?
Níl lá faoi leith ann chun preasráiteas a eisiúint. An fáth leis sin ná: dá mbeadh “an lá is fearr” ann, ní fhada go mbeadh sé ina lá a ba mheasa, mar d’fhéadfadh daoine seo a chur in iúl dá gcairde agus dá gcomhghleacaithe, agus ansin d’fhéadfadh mórán preasráitis á eisiúint ar an lá sin, rud a mhéadódh an comórtas chun airde na n-iriseoirí a fháil.
Mar shampla, dá mbeadh Dé Máirt mar an “lá draíochta” sa tionscal, bheadh gach poiblíteoir go luath ar an eolas faoi sin agus bheadh ardú mór le feiceáil in eisiúint na bpreasráitis ar an lá sin. Bheadh barraíocht in seo d’iriseoirí a laimhseáil agus ansin mar thoradh air sin, bheadh níos mó iomaíochta i gceist le Dé Mairt le preasráiteas a eisiúint.
Conas a sheoltar bhur bpreasráitis agus cé chuig a seoltar iad?
Seolfar bhur bpreasráitis chuig líonraí nuachta roghnaithe trí ríomhphost. Roghnaítear na meáin nua-aimseartha seo de réir nideoige do ghnó. Mar shampla, ní bheadh sé chomh ciallmhar preasráiteas faoi thrapanna úra éisc a sheoladh chuig na meáin nuachta a dhíríonn ar thrálaeir iascaireachta.
Cad a oibríonn i bpreasráitis?
Is é preasráiteas ina bhfuil ábhar nuachta ann an rud a oibríonn agus fiú ansin, ní ach corr uair. Ní fiú a fhógairt go bhfuair tú do láithreán gréasáin nua-ar an Idirlíon mura bhfuil na seirbhísí atá á gcur ar fáil agat éagsúil ó gach eile ceann atá ar fáil ar an Idirlíon.
Agus sin ráite, rachaidh eagarthóir gnóthach, agus é ag lorg scéalta le daonnacht a léiriú, le deashamplaí atá feicthe le déanaí cé acu ar fiú an preasráiteas nó nach fiú. In amanna brathann sé go mór ar a bheith san áit icheart ag an am cheart agus tarlaíonn sé seo go minic.
An féidir le preasráiteas mé a chur sa chéad áit i gcuardach Google maidir le hainm mo ghnó nó eocharfhocail.
Is iontach an rud é faoi phreasráitis go mbíonn ardú sealadach i bhfeiceálacht an chomhlachta ar an inneall cuardach siocair gur luadh ainm an chomhlachta nó an táirge i bpreasráiteas a bhí le fáil ar shuímh éagsúla.
Tá an toradh seo sealadach, áfach. Ní liostaíonn láithreáin nuachta míreanna go fadthéarmach agus titfidh se arís. Má fhaightear aon bhuntáiste SEO as preasráitis – agus is minic go bhfaightear – níl sé ach sealadach agus is bónas é. Níor cheart go mbeadh sé mar chúis le preasráitis a dhéanamh. Is í an aidhm le preasráitis ná clúdach na meán a fháil agus leanstan ar aghaidh Ba cheart don suíomh a bheith ann chun fógraíochta a fháil agus leanúint ar aghaidh ag comhoibriú leis na meáin le preasráitis éagsúla a eisiúint.